Is breá leis an Spailpín an amhránaíocht. Ar an droch-uair, ní thaitníonn amhránaíocht an Spailpín chomh mór leis an domhan mór mar a thaitníonn sí leis an Spailpín féin. Tuigtear in áiteanna go bhfuil na vuvuzelas mar guthanna binne na h-aingil i gcomparáid leis an Spailpín istigh sa gcithfholcadán, ag casadh faoi na laethanta úd ar ais i Spancil Hill.
Ach is cuma liom. Ní chloistear liom os comhair torann na h-uisce, rud ina bhfuil níos mó áidh liom ná mar a bhí le cara agam. Bhí mo dhuine istigh in árasán nua ar feadh cúpla lá nuair a bhfuil sé le comharsan béal dorais.
"An tusa an fear a chasann Skibbereen istigh sa gcithfholcadán gach uile maidin?" ar seisean.
"Is mise," arsa mo chara.
"Stop," arsa an comharsan.
Má chasann mo chara fós, is sotto voce a chasann sé.
Bhí an t-amhránaí Frank Harte ar an tuairim nach bhfuil amhrán ann sa tsaol ach san uair ina chastar é. Focail scríofa síos i leabhar éigin, sin rud amháin. Torann éigin ar thaifead, sin rud eile. Ach ní fíor-amhrán é ach san uair a ligtear saor an amhrán ó bhéal an amhránaí.
Agus, mar an gcuil Bhealtaine, is gearr binn é saol an amhráin mar, nuair atá sé casadh, tá sé thart sa saol. Nuair a chasann an t-amhránaí céanna na focail chéanna arís, is amhrán difríochta é. Nach breá an smaoineamh é, agus nach mbaineann sé go deas le áilleacht agus uaisleacht an duine? Ní inneall é an duine ach cruthú draíochta, agus is ón amhránaíocht ab fhéidir le duine blás an draíocht sin a bhlaiseadh, cé gur bheag é blás an domhain eile.
'Sé ceann buanna an cheoldráma ná go bhfuil an cheoil chomh deacair a chasadh. Gach rud in éineacht a cheile, agus scrios déanta ar an seó ar fad má tá rud amháin as láthair. Deirtear nach bhfuil amhránaí cheoldráma éasca meascadh le daoine ach nuair a shíleann tú ar an mbrú a mbíonn orthu chun a saothar a ndéanamh, ní nach ionadh é go bhfuilid beagán deacair, uaireanta. Cuir súil ar tráchta You Tube ar amhránaí cheoldráma - nach ionadh chomh searbh, garbh atáid? Agus seo an ceol is sibhialta sa gcultúr, deirtear. Is ait an mac é an saol.
Ní bua amhránaíochta cheoldráma ag gach duine - níl sí ach ag dream an-bheag - ach is féidir le gach duine port éigin a chasadh agus spraoi a bhaint as. Is é sin an fáth go bhfuil an clár teilifíse Glee chomh maith. Ní fhaca an Spailpín clár iomlán Glee riamh agus níl ach tuiscint éadrom agam cad atá ann i ndáiríre ach ar an méid atá ar eolas agam is maith liom an clár. Mar tógann sé an ceol ó na h-innill agus cuireann sé arís i meon, croí agus anam an duine é.
Is é bua duine, nach bua inneall é bua an cheoil, agus cuireann Glee an fírinne sin i láthair os ár gcomhair arís. Tá an clár a chanadh ag daoine go ndéanann na girsí agus stócaigh ar Ghlee dochar ar sheoda móra an phopcheoil, ach ní fíor é. Ní chóir an popcheoil bheith chomh cosanta sin ar a oidhreacht. Tógann Glee an popcheoil ar ais chuig daoine, in ionad innill nó corparáid idirnáisiúnta, agus taispeánann Glee dó nach bhfuil ceol ar bith chomh binn nó chomh corraitheach mar an cheol a chasann nuair a n-osclaíonn a b(h)éal. Ná cuir coisc ar an gcreideamh.