Friday, September 24, 2010

Na Gaeilgeoirí ina dTost

An bhfuil deighlt mór ann idir lucht labhartha na Gaeilge agus an lucht atá Gaeilge acu? Tá Gaeilge ag i bhfad níos mó daoine faoi láthair ná mar a bhíodh agus an Spailpín ina bhuachaill scoile. Tá an pobal níos múinte ná mar a bhíodh, táid níos bródúla as ucht na Gaeilge ná mar a bhíodh, tá mean cumarsáide nua-aimsíoch againne chun tacu leis an nGaeilge.

Cén fáth, mar sin, nach labraíonn níos mó daoine an Ghaeilge? Cén fáth nach bhfuil dúil Gaeilge níos laidre ann, maidir le nuachtáin, le leabhair, nó le cláracha teilifíse? Craoltar rugbaí as Gaeilge arís ar TG4 le déanaí - an bhfuil éinne sásta le seo amach ón Spailpín? An bhfuil an lucht rugbaí bródúil as, nó an bhfuil geanc arís orthu nach bhfúil na cluichí ar Sky Sports?

Bhuail na ceisteanna seo arís orm agus mise ag smaoineamh ar an méid páistí a gcuirfear chun Gaelscoileanna in ionad gnáthscoileanna an Mean Fómhair seo, mar a gcuireadh níos mó agus níos mó acu leis na blianta le déanaí.

Tuigimid go léir cúrsaí an tsaoil, agus tá fios maith ag an saol nach gcuirtear an chuid is mó páistí Ghaelscoileanna chun an nGaelscoil ar son na Gaeilge, ach mar bíonn an tuairim amach go bhfuil oideachais níos fearr le fáil i nGaelscoil ná mar atá i ngnáthscoil.

Ach cé nach bhfuil meas ag gach tuismitheoir ar an nGaeilge ar dtús, beidh Gaeilge ag an leanbh má leanann sé nó sí leis an nGaelscoil go dtí an Ardteist. Ní fhéadair ealú uaithi tar éis na blianta fada. Agus má tá an méid daoine seo ann agus Gaeilge chomh mór sin acu, cén fáth nach labhraíonn siad as Gaeilge? Cén fáth nach glcoistear 'sna tithe tábhairne é, nó 'sna sráideanna, nó ag cluiche nó in áit ar bith?

Bíonn drogall ar daoine nár tógadh le Gaeilge Gaeilge a labhairt mar is cuimhin leo go breá soiléir an náire nuair a rinneadh amadáin uathu sa scoil. Ach tá na leanaí na Gaelscoileanna ag labhairt gach lá sa scoil le ceathar bhliana dhéag. Cén fáth nach labhraíonn siad lena cheile as Gaeilge agus iadsan ina ndaoine fásta?

Bhíosa ag caint le cara agamsa le déanaí maidir leis an mbrú atá ar thuismitheoirí anois chun a leanaí a chur chun Gaelscoil. Tá na Gaelscoileanna éirithe chomh láidir sin sa tsaol. An é an scéal in Éirinn inniu ná go bhfuil an pobal Gaeilge is láidre ón ndrochsaoil ann in Éirinn faoi láthair, ach go bhfanann siad ina dtost? Cén fáth nach bhfuil tionchar níos mó ag an nGaeilge orthu? An bhfuilid ar an dtuairim go mbaineann an Ghaeilge le cúrsaí na scoile amháin, agus nach bhfuil sí tuilte le cúrsaí an domhain mhór?

Nó an bhfuil drochmeas na dtuismitheoirí níos tábhachtaí ná mar a shílfeá? An bhfuil a fios maith ag na leanaí nach mbaineann leis na Gaeilge ach bréagaíocht, cleas a h-imirt ar an lucht ísle atá amach ó geataí na nGaelscoileanna? Is cús buartha é más fíor é. Tar éis na blianta fada ag seasamh ar a son, ba chóir nár labhróidh focal Gaeilge riamh in Éirinn arís mura bhfuil ann ach claí chun na compordaigh a choinneáil níos compordaí arís.