Thursday, March 03, 2011

Níl Tacaíocht Tuillte ag Foireann Chruicéid na hÉireann

Is cuimhin leis an Spailpín Fánach sár-fhoireann chruicéid na hIndiacha Thiar 'sna hochtóidí, agus na sár-imreoirí a bhíodh acu. Gordon Greenidge, Desmond Hayes, Viv Richards, Richie Richardson, Jeff Dujon, Curtley Ambrose, Courtney Walsh, agus mo laoch féin, Malcolm Marshall.

Babhálaí gasta ab ea Marshall. Fir laidre go leor ab ea na babhálaithe eile ag na hIndiacha Thiar an tráth sin, ach ní raibh Marshall chomh ard leosan. Ní raibh an sé troigh aige, ach bhí dhá bhua aige a rinne sé níos fearr ná duine dá laghad ó na babhálaithe eile, ina fhoireann féin nó riamh i stáir an chruicéid.

Bhí teicníc thar moladh beirte aige, agus bhí an croí chomh láidir leis nárbh fhéidir leis ach éirigh. Bheadh sé ina aghaidh nádúr ruaig a chur ar Malcolm Marshall.

Bhí an ghriain ag titim ar an sár-fhoireann sin i 1988, agus dlíthe cruicéid á athrú chun coisc a chur ar an bpreabaire, céad cloch ar phaidrín ionsaigh na hIndiacha Thiar. Ach roimh na heagóra dhlí sin, bhi deá-Shamraidh 1988 ag na hIndiacha Thiar i Shasana faoi cheannaireacht Marshall agus Richards agus na laochra eile.

Iarraidh ar Marshall ag deireadh na sraithe cén bhrí a bhí ag bua na hIndiacha Thiar dó féin. "Tá roinnt daoine dár gcuid ag obair anseo i Sasana, i bhfad ón mbaile," arsa Marshall. "Is seoltóirí busanna iad nó tógálaithe nó obróirí ísle dá gcuid sin. Cuireann daoine geanc orthu rompu. Ní bheidh aon gheanc rompu anocht."

Fear cróga bródúil ab ea Malcolm Marshall. Ba Bharbadós é a áit dúchais - ní tír ar bith iad na hIndiacha Thiar, ach bailiuchán tíortha a théann le cheile chun cruicéad a imirt agus atá neamhsleach ó thaobh gach uile rud eile.

Scríobh CLR James leabhar dárbh ainm Beyond a Boundary, ar cheann de na leabhair spóirt is fearr a scríobhadh riamh, ag breathnú ar sin, ceist féiniúlachta na hoileáin éigin 'sna hIndiacha Thiar agus tábhacht an chruicéid dóibh. Ba é Frank Worrell an chéad fear gorm a cheapadh mar chaptaen na hIndiacha Thiar, agus ceapadh é mar chaptaen i 1960. Nach dochreite é? Bhíodh fear bán ina cheannaire orthu riamh roimh sin.

Tá cruicéad na hIndiacha Thiar ag titim as a cheile anois, agus roinnt fáthanna taobh thiar den meath. Ach smaoinigh mé ar na fir chróga uaisle maithe a d'imir leis na hIndiacha Thiar ins na 70í agus 80í nuair a chuala mé faoi bhua foirne na hÉireann i gCorrán Domhanda Cruicéid inné. Fir mhóra cosuil le Marshall agus Michael Holding agus Clive Lloyd agus Patrick Patterson. Bhí cruicéad tábhachtach dóibh, ach bhí an fhéiniúlacht níos tábhachtaí arís.

Tá Gael amháin, Ed Joyce, ag imirt ar son na hÉireann arís anois mar thug sé iarracht ag imirt le Sasana ach ní raibh sé maith go leor dóibh. Tá Gael eile, Eoin Morgan, ag imirt leis na dtrí leon faoi láthair ach ní raibh áit aige ar an bhfoireann san Astráil ag an Nollaig agus seans go mbeidh sé ina Pheadaí arís sula gcrochfaidh suas a bhata. Chuala mé ráfla gur rinne laoch na h-imirthe inne, Kevin O'Brien, iarracht imirt le Sasana ach theip air. Seans go mbeidh seans eile aige tar éis a theaspeántas inné.

Deirtear nach bhfuil an dara rogha ag imreoirí cruicéid na hÉireann. Ní tír chruicéid den scoth í Éire, agus mar sin tá ar na himreoirí is fearr leanúint leis na Sasanaigh.

Ach smaoiním fós ar Malcolm Marshall. An nglacfadh seisean an schilling más Gael é, nó an leanfadh sé mar a bhí sé ar son ghrá cine?

Mo lean, ach ní bheidh a fios againne go deo. Cailleadh Malcolm Marshall ina fhear óg fós i 1999. Bhí bliain is dhá scór d'aois aige, ach threascair an ailse é. Ní raibh ach cúig kilometres is fiche meacháin ag Marshall nuair a fhuair sé bháis. Is dócha gurb ceithre kilometres fiche meacháin an chroí móire aige, a thiomáineadh na hIndiacha Thiar ina na laethanta órga sin. Go dtuga Dia suimhneas síoraí ar a anam cróga uasal.