D'fhill Pygmalion chuig ardán Bhleá Cliath le déanaí, agus Risteard Murphy mar an tOllamh Ó hUiginn. Ag tús an dráma, deireann an tUiginneach rud éigin maidir leis an Sásanach atá níos fíoire fós maidir leis an nGael.
Dár leis an Ollamh, ní gá le Sásanach ach a bhéal a oscailt agus tugann sé fáth le duine eile bheith i bhfuath faoi. Sin cumhacht caniúnta. Agus más fíor é maidir le Béarla na Sasanach, nach bhfuil sé seacht n-uair níos fíoire maidir le Gaeilge na nGael?
Ceann de na rudaí is aite dom, agus mise im' dhaltaí Gaeilge, ná nach bhfuil fíos againn cad é an bealach ceart focail a labhairt. Oscail foclóir éigin ar an teanga eile, an Ghéarmainís, an Fhraincís, an Spáinnis, feicfidh tú cónas fuaimeanna na teanga a labhairt go dtí gurbh fhéidir le Géarmánach nó Francach nó Spáinneach tusa a thuiscint. Leagtar sa h-aibítir idirnáisiúnta iad, go dtí gurbh fhéidir comparáid a dhéanamh idir teanga amháin agus teanga eile.
Ach 'sna foclóirí Gaeilge, níl aon eolas fuaime le fáil. Tagann an fáth siar go athbheochán na Gaeilge 'sna 19ú hAois, agus scolairí ag teacht go hÉirinn chun staidéir a dhéanamh ar an teanga seo, Gaeilge. Ná déan dearmad gur tharla seo agus an drochsaol beo láidir fós in aigne na daoine - is dócha go raibh ceangal idir an Gaeilge agus an bás agus an easpa dóchais ag éirí tréan go leor. Murar mhaith leat maireann sa domhan nua seo, caithfidh tú leanúint leis an mBéarla agus an Ghaeilge a fhágail i do dhiaidh, chomh maith leis na fataí dhubha agus na mairbh.
Agus go tobann, tagann na Géarmánaigh seo agus - a Thiarna Dé - Sasánaigh féin níos déanaí ag insint duit gur cheann de na teangacha Eorpacha is sine agus is uaisle í an Ghaeilge, agus fán nóiméad anois a Dhaid go bhfaighfidh mé mo pheann luaidhe agus scríobhfaidh mé síos gach uile focal a titeann as do ghob.
Ar an ndrochuair, tháinig na scolairí seo ag an am céanna go raibh an Gaelic League agus an Cumann Lúchleas Gael faoi lánsheol. Rinneadh bainis idir an dhá ghluaiseacht - bíonn an Gael lag roimh an phlámáis, agus nuair a chualadar an chaint seo faoi teangacha uaisle na hEorapacha, chuaigh díreach isteach inár gcinn í.
Agus sin mar a chailleadh Eochroim. Mar bhí aidhm na scolairí dífríochta go deo idir aidhm luchta an athbheocháin, cén nár thuigeadh faoi déara é.
Nuair a tháinig na scolairí ar an nGaeilge, bhíodar mar Indiana Jones tar éis bualadh isteach ar domhan cailte. Bhí doras acu díreach isteach i domhain soineanta, mar sraidbhaile éigin i mbrionglóid Rousseau. Seo iad na daoine barbatha uaisle ar scríobh Rousseau faoi, agus seo fréisin a teanga féin.
Ach ba choir do lucht na h-athbheocáin gan bacadh leis an scolairí agus a domhain cailte, agus bheith cinnte go mbeidh an Ghaeilge chéanna ann ó cheann ceann na tíre. Ach bhí draoícht na scolairí agus brionglóid an domhan foirfe seo amach ar an mBlaiscéad ró-mhór rompu, agus theip orthu.
Rinneadh iarracht ní h-amháin gach canúint a thógáil slán, ach a litriú agus a graiméar féin a choinneáil. Smaoinigh noiméad cen chaoi a mbeadh an Béarla féin dá scríobhfaí gach focal a ndeireann Cheryl Cole mar a labhraíonn sí, agus conas a léifí a smaointe an lá ina dhiaidh agus tuigfidh tú go soiléir chomh fada a chuadar amú.
Inniu, tá an teanga scapaithe ina canúintí difríochta, greim an fhir báite ag gach ait ar a cheann féin agus an teanga féin ag meadú le gach glúin. Mar a dúirt an tOllamh Ó hUiginn i My Fair Lady, an ceolscannán iontach atá bunaithe ar bundráma Shaw, "Damn! Damn! Damn! Damn!" Go bhfoire Dia ar ár teanga bhocht bhriste.