Thursday, January 03, 2013

Na Macallaí ar a nDúiseacht - Oidhreacht Notre Dame agus a Tábhacht Dúinne sa mBaile


Tháinig na "Fighting Irish" abhaile i Meán Fomháir, nuair a d'imir Notre Dame cluiche peile Meiriceánach i gcoinne Navy san Aviva. Tugadh fáilte rompu agus a lucht tacaíochta, agus bhí deireadh seachtaine mhór i mBleá Cliath i rith a gcuairt. Ach ar bhac mórán faoi Notre Dame - a n-oidhreacht, a ndúshláin, a mbrionglóidí - nuair a chuadar abhaile? Nó an rabhamar sásta ár ndóthain leis an airgead ar chaitheadar anseo?

Is stráinséirí dúinne Notre Dame. Nuair a smaoineann an chuid is mó daoine ar fhoireann Éireannach ag imirt thar sáile, smaoiníonn siad ar Glasgow Celtic. Tá Glaschú níos giorra, ar ndóigh, agus ceangail stáiriúil láidir idir Celtic agus na Gaeil, i dTír Chonaill go háirithe.

Ach is mór an trua é nach bhfuil níos mó clú nó measa ag na Gaeil ar Notre Dame, ar cheann de na foirne peile is mó le rá 'sna Stáit Aontaithe. Ní thaitníonn an razzmatazz Meiriceánach mórán linne, nó daoine gleasta cosuil le mo dhuine ar leathaobh duit.

Sin bearnaí chultúrtha, blásanna éigsiúla. Ach an rud is mó ba chóir a rá faoi Notre Dame, an ollscoil agus an fhoireann peile, ná gur thugadar dea-chlú ar na Gaeil nuair a bhí an clú ag teastáil, agus ag teastáil go mór. Sin é an fáth is mó gur chóir dúinn leanúint ar pheileadóirí Notre Dame anseo in Éirinn. Chuir a gcuid gaiscí loinnir ar ainm na nGaeil, loinnir atá níos láidre agus níos tábhachtaí ná aon mhíchompóirdeachas faoi Pheadaithe phlaisteacha, bearnaí chultúrtha nó seafóid dá leithéid.

Bíonn fáilte roimh na Gaeil i Meiriceá anois, ach ní mar sin a bhíodh a scéal i gcónaí. Céad bliain ó shin, feiceadh fógraí NINA go forleathan i mBostún - "No Irish Need Apply." Bhí lucht mór Meiriceá i gcoinne na ndeoraí ag teacht ina mílte ón Eorap, agus na Gaeil troideach, ólta ach go háirithe.

Tarlaíodh roinnt rudaí chun an scéal a n-athrú, ar ndóigh. D'obair na Gaeil go crua. D'ullmhaigh siad le cheile chun cospóir a dhéanamh dóibh féin. D'éiríodar ina gcumhacht ins na bailte a bhíodh droch-chlú orthu roimhe sin - féach ar na Gearáltaigh agus na Cinnéidigh i mBostún. Ach bhí clú Notre Dame mar fhoireann peile gach píosa chomh tábhachtach chun dea-chlú a thabhairt chuig na Gaeil ná gach rud eile.

Níorbh ollscoil Ghaelach í Notre Dame ar dtús - ba é sagart Francach a chuaigh go Meiriceá mar mhisinéir a bhunaigh an ollscoil ar dtús, i 1842. Ba ollscoil Caitliceach i lár tuaithe Protastúnach é - bhí níos mó baill an Ku Klux Klan in Indiana in aghaidh daoine sa stát ná ag aon stát eile ins na 1920í - agus mar sin bhí ar lucht Notre Dame a gclú féin a dhéanamh, gan tacaíocht ó chomarsa.

Níl éinne cinnte conas ar bhaistigh an leasainm "Fighting Irish" ar fhoireann peile Notre Dame, agus scoil Fhrancach i lár-iarthar Mheiriceá í. Tuairim go raibh roinnt daoine le sloinní Ghaelacha ar an bhfoireann ins na 20í. Tuairim eile gurb "Irish" an masla is coitianta ar daoine ísle sa gceantair sin ag an am.

Ach thóg Notre Dame an masla dóibh féin go h-oifigiúil i 1927, agus rinnedar a gcéad cloch ar a bpaidrín as. Arís, ní raibh mórán Gaeil ann i South Bend ag an am - Ioruach ab ea Knute Rockne, an treanalaí a bhí mar cheannaire ar chlár peile Notre Dame nuair a d'éiríodar ina bhfataigh na peile - ach nuair a bhí Rockne agus a fhoireann ag caint ar treithí Ghaelacha anois, ba é crógacht, cumhacht, croí agus gan ligeadh suas a bhí i gceist aige.

Agus d'fhan an bhrí sin leis an bhfocal "Gaelach" i Meiriceá as sin amach, go dtí an lá 'tá inniu ann - buíochas le scoil Francach i Meiriceá a bhí á mhaslaigh agus a rinne iarracht í féin a chosaint.

Agus Notre Dame an séisiúr seo? Tá na macallaí ar a ndúiseacht, mar a dheirtear i South Bend. Tár éis cúig bliana is fiche teipe - nó "cúig bliana is fiche gortaithe," mar a leanann an cliché - tá na Gaeil i bpríomh-áit peile na gColáistí arís, agus chun aghaidh a chur ar Ollscoil Alabama sa gCluiche Ceannais Dé Luain seo chugainn. Is iad Alabama rogha na coitianta ach tá seans an trodaí ag na Fighting Irish agus, i ndáiríre, cad ab fhearr dóibh ná sin? Go n-éirí leo.