Tuesday, November 05, 2013

Filleadh Keano

Ní h-amháin nach bhfuil mórán measa ar an sacar sa mblag seo, ach uairteanta déantar iarracht droch-íde a thabairt dó. Ach a leitheoir dílis, beidh mise, tusa agus gach mac máthar san áit chéanna oíche anocht - os comhair na teilifíse ag breathnú ar ITV, agus ag súil le deatach bán ag teacht ó shimléar Martin O'Neill agus an fear spóirt is mó clú air in Éirinn, Roy Maurice Keane.

Dúirt Dion Fanning, tuairisceoir sacair an Sindo, rud éigin súimiúil ar an bpodchraoladh Second Captains an seachtain seo caite. Dár leis, is cuma cé hé ina bhainisteoir foirne na hÉireann. Más cros-síolrú idir Bill Shankley agus Brian Cody é, ní fhéidir leis Glen Whelan a dhéanamh ina Liam Brady, ná Darren O'Dea a dhéanamh ina Phaul McGrath.

Mar sin, an rud is tábhachtaí don mbainisteoir nua ná go spreagróidh sé samhlaíocht an phobail, go dtógfadh sé blás ládasach Bhóthair Lansdún istigh san Aviva agus go gcuirfeadh sé nuacht agus cúrsaí foirne Poblachta na hÉireann i lár an aonaigh arís.

Agus ar m'anam, nach é an spreagadh samhlaíochta nuair atá Roy Keane ag teacht ar áis chuig an FAI a cháin sé chomh dian is chomh minic? Agus an bua is mó, an bua a ndéanann an beart seo chomh draíochta, ná go bhfuil Keane ag filleadh ach nach mbeidh sé ina bhainisteoir. Is é Martin O'Neill, fear atá meas air ó cheann ceann na tíre, a mbeidh ina bhainisteoir. Más an Néilleach amháin a bheadh ann, beidh an pobal sacair résúnta sásta. Ach tá aithne agus tuairim, go maith agus go dona, ag gach chuile duine ar Roy Keano agus, cé go mbeidh sé i scáth an Néilligh, bí cinnte go mbeidh áire ar gach duine ar an gCorcaíoch.

Dúirt Eamon Dunphy go bhfuil seans ann go dtarlóidh tubáise traenach, go gcríochnófar gach rud le deora sillte ar gach thaobh. Agus má tá a fhíos ag éinne ar tubáise traenach, is ag Dunphy é.

Ach is cuma - is é cad a tharlóidh idir an tús agus an scrios a mbeidh súimiúil, spraoiúil agus ábhair cainte os comhair gach pionta in Éirinn.

Nuair a scríobh Julie Burchill a beathaisnéis ar David Beckham, thuig sí rud nach dtuigtear go mór maidir le sacar sa lá 'tá inniú inn. Is saigheas soap opera é, agus tá an soap opera beagnach gach rud chomh tábhachtaí ná an imirt agus na cluichí. I Roy Keane, tá JR Ewing, Cúchulainn agus an Incredible Hulk measca suas le cheile. Tá an Spailpín ag tnúth go mór leis an gcraic, agus túsa chomh maith, a leitheoir. Túsa chomh maith.