Friday, April 08, 2005

Athrú na Pápachta

Cuireadh an Pápa Eoghan Pól II faoin bhfód ar maidin - nó, faoin urlár, má tá tíreolaíocht na Vatacáine i gceart agamsa. Agus anois, beidh naoi lá ag na Cairdinéalta, Príomheaspaig na hEaglaise, chun smaoineamh a dheanamh agus paidreacha a ghuí sula gcuirfear fear nua ina Phápa agus a dtíocfaidh sé amach ar phóirse Naoimh Pheadair chun a bheannacht a thabairt don bpobal.

Cad a cheapfadh an SeanPhápa, agus é ag feachaint siar ón tSíoraíocht? Cad a cheap sé nuair a chonaic sé méid na daoine í gCearnóg Naoimh Pheadair, ag fanacht naoí nó deich uair chun leathnóimead a thabairt in ómós ar chul a choirp fuar caillte? Ar shíl sé deor, meas tú, nuair a chonaic sé an slua ag teacht tríd na hEorpa, ag deanamh oilithreacht chuig an Róimh mar a dheantaí trí stáir fhada na Chríostaíochta? Agus an dhearna sé smaoineamh, cá raibh sibhse agus mise beo fós?

Ba seachtain ait iontach í an seachtain seo caite, agus scéal an Phápa ar tosaigh gach clár nuachta ar raidio nó ar an dteilifís, fiú amháín anseo in Éirinn, ach thior ar an mBBC, i measc pagánaigh Shasana? Chuir an Príonsa Cathal i Sasana stró ar a phosadh in ómós an Phápa, agus an Eaglais Caitiliceach ár a nglúinneacha ag guí ar són iompú na Sasanaigh ó réimeas an Rí Aonraí VIII? An é seo an chéad míorúilt a dtabharfar don Phápa Eoghan Pól agus é ar an mbealach chun dul ina Naomh?

Ní fhéidir le Spailpín bocht a thuiscint cad a tharla ins an seachtain seo caite, an chéad seachtain tar éis an Chasc, an uair ina smaoineann lucht Críostaíochta ar an Aiséirí? Ní fhéidir liom a thuiscint conas ar tharla sé go raibh an tionchar mór ag fear a bhí dearmad deanta air ag na ndaoine, fear nach raibh tabhachtach i saoil an domhain nua-aosach, ar an méid daoine mar a bhí ag an bPápa Eoghan Pól II.

Beidh súl an Spáilpín go ghearr ar an Vatacáín agus ar an gConclave ar siúl ag Príonsanna na hEaglaise amach san Seipéal Cistine san Róimh, agus beidh suim mór aige ar an bhfear a dtabharfaidh eochair Neamh agus an domhan do. Ach tá súil agam, ar mhaithe leis féin, go dtabharfaidh Dia cabhar dó. Is ait é an domhan seo, agus tá an saol i bhfad níos deachar a thuiscint - ní folair duinn gach cabhair a thogfaimis.