Monday, April 11, 2005

Rogha na Leon agus An Ridire Clive

Is uasal ardmheasach an thréith í an dhílse. Is ceart an rud é gan cairde a threigeadh, agus cabhar a thabhairt dóibh nuair atá an dheis agat. Ach síleann An Spailpín gur thug An Ridire Clive Woodward an iomarcha dílse don bhfoireann a bhuaigh Corn an Domhain do ins an Astráil i 2003, agus go mbeidh brón air i rith an Samhradh, nuair a chuirfidh foireann Nua-Shéalainne iad faoin bhfód i Eden Park, Auckland.

D'fhogair An Ridire Clive Woodward a phainéal ar maidin - bhí triúr Albanach uaigneacha ann, deichniúr ón Bhreatáin Bheag, fear is deichniúr Éireannach, agus scór Shasanaigh. Scór - sin foireann rugbaí agus binse ionadaigh.

Bhí ceathrar fear dhéag ag an lucht Shasanaigh atá chun dul ar Thuaras Leoin ar an bhfoireann Shasanach a rug Craobh an Domhain d'Shasana agus don Ridire Clive ins an Astráil i 2003, agus naonúr acu a bhí ar an bpáirc ón dtús. Más fhéidir le sáreolaí Jonny Wilkinson a chur i gceart mar a rinnedar le Steve Austin, an Six Million Dollar Man, beidh deichniúr den fhoireann sin ag dul ar thuras chuig Talamh an Scamaill Gheall.

Ach éiríonn an Spailpín beagán buartha nuair a fheiceann sé ar an bhféilire agus tugann sé faoi deara go mbeith an Tuaras Leoin ar súil i 2005, nach 2003. Más aimsir fada í seachtain i gcursaí poilitiúla, comh fada é dhá bhlian i rugbaí?

Theip ar fhoireann Éireann i gComórtas na Sé Náisiún i rith an Earrach tois go raibh siad ró-shean. Tá sé comh shimplí sin. Ní raibh mórán ag Eddie O'Sullivan le deanamh ach bheith ag súil go n-éireodh leo sular theipfidis, ach níor éirigh. Ní raibh faic fagaithe san tobar acú, agus tá an Ridire Clive ar tí dul amú ar an mbealach céanna. Is ardmheasach an rud í an dílse, ach ní bhuafar cluichí rugbaí léi.