Thursday, February 16, 2006

Scríobhnóireacht na Gaeilge

Tá ceann de na ceisteanna is tabhachtaí maidir leis an nGaeilge á phlé ag anImeall ar maidin - cén fáth scríobh as Gaeilge nuair is féidir linn ar scéalta a chur in iul ar i bhfád níos mó daoine as Béarla ná as Gaeilge? Tá An tImeall féin ag scríobh as Béarla ar maidin agus, mar sin, tógaimse féin an Ghaeilge, in aimn siméadrachta agus spraoi.

Dhá bhlian dhéag ó shín, agus An Spailpín Fánach fós ina mhac leinn ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, foilsiú beathaisnéis ar shaol Sheáin Uí Riada. Ní raibheas tagtha ar áis ag an nGaeilge an uair sin, ach bhí spéis mhór agam ins an Riadach, a scéal agus a cheol. Mar sin, bhí díomá mhór orm go raibh an leabhar seo ar chló ach ní raibheas féin in ann é a léamh.

Ar thógas mo fhoclóir agus mo Ghraiméar na mBraithre Críostaí ón gcófra agus ar thosaigh mé ar áis ar an nGaeilge? Níor thóg - bhuail mé le fear a bhíodh ana-ghnóthach maidir leis an nGaeilge i nGaillimh an uair sin agus thósaigh mé ag tabhairt amach dó, go raibh an leabhar seo suimiúl go leor liom ach níorbh fhéidir liom é a léamh agus é scríofa as Gaeilge amháin. Tá sé i bhfad níos easca tabhair amach ná rud éigin a dhéanamh, gan dabht.

"Behave yourself, you Spailpín Fánach," arsa mo dhuine liomsa go cnéasta. "Feicim go soléir do dhíomá maidir le beatha an Riadaigh, ach smaoinigh nóimead ar díomá lucht na Gaeilge, i gcónaí ar seilig chun leabhair nua Gaeilge a léamh - éireodh duine ar bith tuirseach ar Pheigín, tar éis tamall. Bhí an Ghaeilge tabhachtach don Riadach agus, dá mbeadh seisean beo fós, b'fhearr dó leabhar ar a bheatha bheith scíofa as Gaeilge ná as Béarla."

Dhúnas mo bhéal tar éis an labhairt sin. Níor léigheas an leabhar, agus is docha go bhfuil sé as cló le fada inniú. Ach d'fhoglaim mé ceacht spéísiúl thabhachtach maidir leis an nGaeilge agus a h-úsáid an lá úd sin. Scríobhann an tImeall inniú gurbh é an Béarla teanga an domhan sa lá atá inniú ann, cosuil leis an Laidin uasal fadó, agus is maith an rud é gurbh fhéidir linn, na Gaeil, an Béarla a scríobh agus a labhairt comh líofa mar is féidir linn. Ach, cé gurbh fhearr linn ár smaointe a thaispéaint ar an gcuid is mó daoine, agus gurbh é an Béarla an príomhbhealach chuig an ndream láidir sin, tá sé beagán ar dualgas ar Ghaeilgeoirí, nó leath-Ghaeilgeoirí cosuil le bhur Spailpín Fánach bocht, an teanga a úsáíd comh minic mar is féidir linn.

Tuigigí go maith go bhfuil an teanga i mbaol san gCéadú hAois is fiché, agus go mbeidh sí i mbaol le fada. Tá a naimhde reidh i gcónaí chun i a chur sa stáir, mar chuid de scéal na hÉireann ach cuid nach mbaineann leis an nuasaol, cosuil le scríobhnóireacht Ogham nó na dlíthe mBreithiún. Tá sé i bhfad níos easca domsa Béarla a scríobh, tá sé níos tapaidh, agus tá stór na bhfocal i bhfad níos laidre i mBéarla nár mar atá i nGaeilge. Ach ní hé an Béarla ár dteanga féin, agus an lá a ndéanfaimis déarmad ar sin, tiocfaidh scamall donn dorcha ar anam na nGael, agus ní dtíocfaimis slán ó shin.

, ,