Tá alt spéisiúl brónach sa Washington Post ar maidin ar meath tithe tábhairní na hÉireann, go mórmhór sa gceantair tuaithe. Tá cur síos san alt ar na h-athrú atá ann i saol na hÉireann anois, i rith ré an airgid, agus conas ab ansa le daoine na hÉireann sa lá atá inniu ann fanacht sa bhaile lena mbuidéal Chardonney in ionad dul síos an bóthair agus bualadh lena gcomharsana sa teach tábhairne.
Is brónach an scéal é, go h-áirithe don seandaoine, nach bhfuil slí bheatha eile acu ach an teach tábhairne áitiúl. Is féidir gloinne fíona a thabhairt dóibh, ach ní maith leo é, go h-áirithe i gcomparáid le pionta breá phóirtéir.
Rud amháin nach bhfuil san alt, afach, is é an t-athrú a rinne athrú an dlí maidir le tiomáint agus daoine ólta. Ní fheiceann an dlí an dífríocht idir fear óg agus deich Jaegarmeister caite siar aige, suite isteach ina ghluisteán mór ag scréadáil siar an bóthair, agus an seanfear cneasta soineanta, atá ag tógail pionta lena gcomharsanna tar éis a phinsean a fháil aige. Tá coisc ar slí bheatha na bhfear sin go léir, agus is eagóir an scéal é.
Chuala do Spailpín Fánach scéal ar fear amháin a bhí níos glice dóibhse siúd go léir. Chuir na Gardaí lámh air agus eisean ag dul abhaile tar éis pionta nó dó a ól lena pinsean. Isteach os comhair an breitheamh leis, agus cuireadh coisc tiomáint air. Bhí an fear seo buailte go maith in aois, agus eisean ina chónaí ina aonar ar a fheirm. Níl dífríocht ann idir coisc tiomáint agus cuireadh faoi ghlas do fhir cosuil leis. Ach bíonn an dlí dall, deirtear.
Ach tháining mo dhuine ar seift. Tagann sé isteach sa bhaile anois gach Aoine, mar ba ghnáth leis, agus tógann sé a chuid pionta fós, báil ó Dhia air. Tagann sé isteach lena asal agus a chairt, mar a théadh a sinsear roimhe, agus a mhallacht orthu go léir. Mo cheol thú, a seanduine cóir, go máire tú an céad! Fad atá an cloigín á úsáid ag muintir na hÉireann tá dóchas linn fós.
Technorati Tags: Gaeilge, cultúr, tithe tábhairní, slí bheatha