Isteach sa síopa bhearradóra liom tráthnóna De hAoine, agus shuigh mé síos i gcathair éigin os comhair an scatháin. Bhí an bearradóir reidh ag mo chúl, a siosúr in airde aici, mar a bhí an claíomh in airde ag an ArdAingeal Mícheál agus eisean ag dul in aghaidh an dhrochbhuachalla féin.
"Cad uait, a Spailpín Fhánaigh?" ar sise liom.
"Uimhir a dó, a spéirbhean ghleoite," arsa mise. "Thall is abhus."
"Thall is abhus!" ar sise. D'fhág sí síos an siosúr. D'fhéach sí go díreach isteach im' shúile. "An bhfuil tú cinnte?"
"Táim cinnte, agus láncinnte. Tá na fógraí le feicéal le fada agam, agus caithfidh mise an chéad ionsaigh a dhéanamh. Lean ar aghaidh."
"Ceart go leor," ar sise, agus ar aghaidh léi. Tar éis deich nóiméad, bhí an beart déanta, agus beidh cáibín á chaitheamh ag do Spailpín ag cluichí an Samhraidh as seo amach, mise gan anois an mothall a thugadh mo chloigín bocht slán ó theas na gréine.
Tá a fios ag gach chuile fear go bhfuil air an gruaig ag dul ina bán aige nó í a chailliúint go deo agus eisean ag éirí aosta. Ach d'fhir cosúil liomsa, tá cathú mór ann litir a scríobh chuig Dhia ag iarraidh Air cad a rinnemar in A aghaidh go dtarlaíonn an dhá rud dúinn? Tá gruaig liath ag muinir m'athairse go deo; thuigtear in áiteanna éigin gurbh é sin bun ár sloinne, an muin is ghile. Ach tagann an maolachas ón máthar, agus tá sé tagtha liomsa comh maith leis an gruaig liath. Tá an ghruaig atá agam ag éirí liath, agus an gruaig nach bhfuil ag éirí liath, níl sí ann ar chur ar bith.
Tar éis fómhar gruaige an deireadh seachtaine, tá mullach do Spailpín lom go leor. Níl mórán gruaige fágtha ann, agus an méid atá ann tá sí chun imeacht. Tá cuma an leithinis ar mhullach mo chinn anois, agus i gceann cúpla bliain beidh oileán gruaige i lár mo chinn, agus craiceann mo chinnse ar gach uile thaobh de. An bhfaca tú riamh ubh agus cleite bog bán an éin greamaithe uirthí? A leitheoir, beidh ceann an Spailpín ana-cosúil leis an ubh chéanna i gceann cúpla bliain.
Nílim buartha faoi, afách. Sílim féin nach bhfuil rud ar bith sa tsaol comh brónach le fear uallach. Tá sé i bhfad níos measa ag an mbean, agus ní hé an Spailpín amháin ar thug faoi déara é. Scríobh Pól chuig na Corantaigh gurbh glóir do mná í an ghruaig fhada (1 Cor 11:15) Agus tá a fios acu féin, ar ndóigh, agus an obair an déantar, agus an airgead a chaitear, ar ghruaig na mban.
Tá sliocht spéisiúl iontach maidir le gruaig agus cúrsaí graugaireachta in úrscéal iontach Zadie Smith, White Teeth. Tá gruaig cheangailte ag cailín éigin sa leabhar seo - is cailín gorm í - ach ba mhaith léi gruaig díreach. Isteach léi chuig an ngruagaire ar thóir na gruaige dírí seo, agus cuireann an gruagadóir saigheas aigéid ar a ceann chun ceangal na gruaige a scaoileadh. Bhí an pian dóchreite, ach níor bhog an cailín, cé go raibh an ceann trí thine aici. Más é seo praghas gruaige dírigh, cheannóidh sí é.
Agus an fear? Ceannaíonn sé hata, a léitheoir, agus bíonn sé ceart go leor.
Technorati Tags: Gaeilge, cultúr, gruaig, Zadie Smith