Tuesday, June 03, 2008

Cruinneas Litríochta na Gaeilge

An mbeadh an Ghaeilge níos cruinne dá mbeadh na múinteoirí níos teo?Trasna na Bóinne á léamh ag do Spailpín faoi láthair. Cé go bhfuil clú agus cáil ar Earnán de Blaghd mar an fear ar thóg an scilling ó phinsean an lucht aosta i 1929, mac léinn mór na Gaeilge ab ea é ina ré féin, agus is ceart is cóir cuimhnigh ar sin. Táim ag baint taitnimh ón leabhar, seachas rud amháin. Tá litríocht an leabhar neamh-chaighdeánach, agus cuireann sé sin go mór isteach orm. Go h-áirithe, scríobhann an Blaghdach "béidir" nuair atá "b'fhéidir" an leagan atá caighdeánach. Ní fhaca mé an litriú eile in aon áit ar bith, agus ní thuigim cén fáth go bhfuil sé mar seo i leabhar an Bhlaghdaigh.

Nuair a tháinig athbheochan na Gaeilge ag deireadh an naoú haois déag, bhíodh de nós acu cainiúnta éagsúla na gceantar a choinnéail sa scríobhnóireacht. (Níl an leithscéal sin ag an mBlaghdach mar tógadh cúpla míle amach ó Bhéal Feiriste é, agus aon fhocal Gaeilge a bhí aige d'fhóglaim sé é. Ba chóir go mbeidh litriú níos rialta a bheith aige dá bhrí). 'Sé mo thuairim féin nárbh ceart é ansin do ghluaiseacht athbheochana teanga, ach tuigim go mbeidh sé suimiúl do scolairí teanga cosuil le Kuno Meyer agus a leithéid. Ach tá an ré sin thart, agus cad atá fágtha linn ná teanga atá neamhrialta maidir lena litríocht.

Tá an fadhb céanna le gach uile leabhar a léim, agus táim bréan de. Bíonn sé deacair dom litriú focal a choinnéail im' chloigín, agus focail éagsúla litrithe go difríochta i ngach uile leabhar. Tá sé comh dona seo - scríobh Seán Ó Ruadháin ailt san irisleabhar Feasta gach mí ar feadh cúig bliana faoi cad atá ceart agus mícheart sa Ghaeilge. Tá na h-ailt sin baillithe anois i leabhar, mar a scíobhas anseo chéana seo, ach tá botúin litríochta ag an Ruadhánach féin - bíonn litriú amháin aige in áit amháin agus litriú eile in áit eile. Murab fhéidir leise smacht a choinnéail, cén seans atá againne?

Má n-iarrtar ar fhear Bhéil Feiriste cé a mharaíonn na lucha sa theach aige, inseoidh sé "the cyat" duit. An cóir é sin a scríobh síos, mar a chloistear é, nó an litriú ceart a úsáid? Mar is é sin cad a thárla sa Ghaeilge nuair a chuireadh tús ar an athbheochan cead bliain ó shin. Agus cé gur rinneadh iarracht caighdeán a chuir ar litríocht na Gaeilge rinneadh, mar is gnáth, praiseach de. Baineadh an "dh" ó "oídhche," mar shampla, ach fágadh i bhfocail eile iad. Ní n-éireoidh le caighdeán rialta na Gaeilge mura n-athfhoisliú gach uile leabhar Ghaeilge chun iadsan a chur faoin gcaighdean, agus na sean-leabhair a choinnéail i leabharlann na hÉireann, slán ó fhóglaimeoirí nua na Gaeilge, agus fóghlaimeoirí nua na Gaeilge slán uathu. Tá an Ghaeilge deacair go leor mar atá sí seachas an saothar a dhéanamh níos deacra arís.

'Sé ceann de na fadhbanna go bhfuil an scéal comh fite fuite mar atá sé ná mar níl an údarás ag éinne, idir duine nó comhairle, breitheamh a dhéanamh agus a choinnéail. Tá stair na h-athbheochana saibhir le scólairí nar ghlac leis an gcaighdeán agus a scríobh mar ba mhaith leo, agus an diabhal chun gach duine eile. Seans gur shílid go raibh a bhfód féin á sheasamh agus an teanga bheo a choinnéail, ach tá an cath sin cailte faoi láthair. Níl cainteoir Gaeilge sa tír anois nach bhfuil Béarla aige nó aici fréisin, agus mar sin níl an fior-theanga, an teanga mar a bhíodh, linn anois. Tá dualgas orainn anois teanga nua, Gaeilge 2.0, a thógail agus ba chóir litríocht agus gramair a chuir agus a choinnéail faoi chaighdeán. Ach cé a dtabharfaidh an caighdeán dúinn? Ní fios, ár mbrón, ár mbrón.





Technorati Tags: , , ,