Monday, March 15, 2010

Freastal Fulaingthe chun na Spórtlainne

Cosúil leis an gcladhaire sin Learaí sa ngearrscéal a mhallaigh laethanta a óige agus óige a ghlúine, níor thug an Spailpín cic ar liathróid riamh. Is fear níos spridiúil, smaointeach é an Spailpín. Is breá leis spórt agus cúrsaí spóirt, ar ndóigh, mar is léir go leor ón suíomh seo, ach is fearr leis daoine eile ag cur allais ná é féin. Ní rithfeadh sé ar thóir bhúis, fiú, ach shiúlfadh go ríoga chuig an stad agus fanacht go foighneach ar an gcéad ceann eile.

Ach tá an Spailpín buailte go dona in aois le déanaí, agus insíonn an méid cuimhní agam mura ndéanaim iarracht ar son an sláinte anois, ní dhéanfaidh go deo. Caillfear go luath mé, agus beidh ar ochtar in ionad seisear an cónra a thabhairt chun na h-uaighe, toisc go mbeinn chomh breá ramhar sin.

Mar sin, in ionad bheith isteach i dtí tábhairne áirithe, suas ar an stól in airde ag ól phóirtéara, ag caitheamh Marlboro agus ag bladaireacht, caitheann an Spailpín a thráthnóna anois istigh sa spórtlann, ag iarraidh greim a ghabháil ar an sláinte roimh go mbeidh sé ró-dhéanadh.

Bhí orm athrú, dá bhrí. Ní rabhasa cleachta i gcúrsaí spórtlainne, agus bhí orm leanúint le cúrsaí nach rabhas ag tnúth leis.

Sa gcéad uair, ní rabhas cleachta bheith i gcomhluadar le fir atá chomh lomnocht mar a bhíodar ar lá a rugadh. Baineadh geiteanna orm sa gcéad cúpla cuairt sa seomra feistis, ach go háirithe nuair a bhíos cam chun mo bhróga, agus nuair a n-éirigh arís, bheadh mo shrón díreach os comhair thóin lom strainséara. Ach éirítear le gach rud, agus ní bhacaim anois dubh, bán nó riabhach.

'Sé amach ón seomra feistis, ar ndóigh, a scaiptear na gabhair óna caoirigh. De gnáth anois, bím ar an dtreadmill, ag rith. Nó ar an dtuairim go rabhas ag rith; fuair mé amach le déanaí nach rabhas ach ag bogshodair. Bhí an bogshodar ceart go leor domsa, áfach. Agus táim ag éirí níos tapúla, agus sásta go leor le sin.

Toisc go mbíonn an rith crua go leor ar na hailt, is maith liom tosú ar an inneall a thugtar an cross trainer air. Tá an t-inneall céanna níos déine, in a bhealach féin, ná an crios ar a chrochadh Críost, ach baineann sé an buaille a thagann ar na ailt le gach coiscéim rithe, agus bogtar an corp níos fearr ar an dtreadmill nuair a tósaítear an an gcross trainer. Má tá suim rithe fágtha agat tar éis an deich nóiméad caite, ar ndóigh.

Scríobh An Ghuí Aniar anuraidh maidir le cúrsaí spórtlainne na daoine agus fíor-spéis acu sa dtógála choirp. Níl an saghas saoil sin uaim, ach b'fhéidir cúpla cuaird Páirce an Fhionnuisce a dhéanamh sa Samhradh, agus gan seans a thabhairt do na busanna éalú ró-éasca a dhéanamh.





Technorati Tags: , ,