Tá Lá Idirnáisiúnta na mBan againne inniu. Deirtear gur chailleadh Sigmund Freud agus eisean ag iarraidh fáil amach cad is mian leis na mná ar leaba a bháis - Was will das Weib? Níl freagra ag an Spailpín Fánach do.
Scríobh John Waters go suimiúil ina leabhar "The Politburo Has Decided You Are Unwell" ar an lá a bhfuair sé amach nár bhain le Gluaiseacht na mBan mar a shíl sé. Níl an cheist chomh shimplí mar an bhean agus an fear cothrom os comhair an dlí nó cúrsaí oifige ná rialacha sóisialta. Tá an scéal níos casta ná sin.
Cad í Gluaiseacht na mBan ar aon nós? Léigh mé leabhar dá chuid Nora Ephron uair, Crazy Salad, bailiúchán iriseoireachta a scríobh Ephron ins na 70í, agus bhí sí i gcónaí ag ceistiú cad a shílfeadh "An Ghluaiseacht" faoi seo nó faoi siúd - bhí sí i gcónaí ag iarraidh go mbeidh an Ghluaiseacht sásta lena tuairimí, in ionad seasamh ar a cosa féin. Ach cad a shíleann an Ghluaiseacht i ndáiríre?
Mar shampla, shílfeá gurb aidhm mór na Gluaiseachta ná bean a bheith ina cumhacht ar thír éigin. Ach nuair a bhíodh Maggie Thatcher ina Príomh-Aire Shasana, b'fhuath leis an nGluaiseacht í. Ná mná a bhíodh ar Greenham Common ag cáineadh na diúracáin Mheiriceánacha - sin iad laochra na Gluaiseachta. An bhean ar bhris an shíleáil gloine - muise, chun an ndiabhal léi.
An an cás é ná go bhfuil níos mó uait ná bheith i do bhean chun bheith i do bhall i nGluaiseacht na mBan? Agus má tá coisc ar bhean éigin bheith páirteach i nGluaiseacht na mBan, an Gluaiseacht na mBan i ndáiríre í? Nach rud eile í? Gluaiseacht polaitiúla, b'fhéidir.
Ba cheann de chéad chloch ar phaidrín Gluaiseachta na mBán ná gur fhéidir le gach aon bhean dul in aon ghairm mar thaitin léi. Pluiméir, táthaire, bríceadóir, ba chuma sa diabhal. Ach fuarthas amach ins na blianta 'tá imithe gur chuma go deo leis na mná an phluiméireacht, an tháthaireacht agus an bhríceadóireacht. D'éirigh rud éigin ins na blianta le déanaí ná gur thaitin sean-róil na mban go mór leis na mná agus, in ionad a gcúl a chuir ar steiréitíopa inscne, tá na steiréitíopaí a ghlacadh leis na mná faoi láthair. Agus nuair a mbíonn Cheryl Cole suas ar ardán eigin ina fobhrístí ní dúshaothrú ach cumasú í. Is laoch láidir na mban sa lá 'tá inniu Bean Cole. An bua Gluaiseachta na mBan an laochas seo?
Tá fios ag an Spailpín gur chúis mór buartha é an cultúr ladette seo le mná smaointeacha, agus tá trua agam díobh. Ach an rud is mó nach bhféidir liom tuiscint ná gur éirigh clár teilifíse atá ina charraig fealsúnachta na mban faoi láthair. D'inis bean ar aithne liomsa uair amháin dá n-inseodh bean éigin dom nach bhfeiceann sí ar Sex and the City gurb breagadóir í, agus dá n-inseodh sí nach raibh grá mór aici don gclár ba bhréagadóir tofa í.
Scaoileadh an scannán Sex and the City cúpla bhliain ó shin. Thug Anthony Lane bata 's bóthar dó sa New Yorker, ach ba chuma. Chonaic gach iníon mná an scannán, agus níos mó ná an t-aon uair amháin.
Níor chonacas féin an scannán, ach scríobh Lane go bhfuil léiriú amháin ann ina thaispeánann An tUasal Mór, fear cheile Carrie, cófra ar thóg sé di. Bhris gártha agus bualadh bos amach sa bpictiúrlann, rud a chuir ionadh ar Lane, agus ar an Spailpín nuair a léigh mé an léirmheas.
Mar sin, chuireas ceist ar bhean ar aithne liomsa cad a bhí taobh thiar na ngártha. "Taispeánann an léiriú sin ná go bhfuil aigne na mban ar eolas ag an Uasal Mór," a deir sí. "Tá fíor-thuiscint na mban aige."
"Ach a chuisle mo chroí," arsa an Spailpín Fánach - go breá soineanta, ag breathnú siar - "nach mbaineann níos mó le aigne na mban ná cófra mallachta éigin?"
Lasadh súile mo chara. Focal nár inis sin, ach a caife a chaitheamh siar agus ar aghaidh léi amach ón mbialann. Agus an Spailpín fágtha ina aonar ag an mbord, ag iarraidh air féin cad é mian na mban. Lá Idirnáisiúnta na mBan faoi mhaise dóibh go léir.
Technorati Tags: Seachtain na Gaeilge, Gaeilge, Gluaiseacht na mBan, Sigmund Freud, Nora Ephron, Cheryl Cole, Sex and the City
Monday, March 08, 2010
Gluaiseacht na mBan
Posted by An Spailpín at 9:00 AM
Labels: Cheryl Cole, Gaeilge, Gluaiseacht na mBan, Nora Ephron, Seachtain na Gaeilge, Sex and the City, Sigmund Freud