Le linn a óige, léigh an Spailpín Fánach gach chuile leabhair rugbaí i leabharlann Bhéil an Átha, agus léigh go minic iad. As ucht an ré a bhí ann, ba chuid maith de na leabhair sin dirbheatháisneisí laochra móra Bhreatnaigh ins na seachtóidí - Barry John, Gareth Edwards, Mervyn Davies, JPR, gach uile ceann acu. Agus, toisc go bhfuil náduir an duine mar atá sé, d'éirigh an Spailpín go deas bréan le dream rugbaí na Breataine Bige agus a seafóid faoin hwyl agus stár saibhir an rugbaí na tíre agus Bryn Meredith i gcoinne an céann ins an Aifric Theas agus gach rud eile.
Tar éis tamaill agus an Spailpín ina fhear féin, bhuail mé le cúpla Bhreatnach i rith an Earraigh, iadsan i mBleá Cliath ag na cluichí idirnáisiúnta, agus ambaiste níor thaitin siad liom ansin ach an oiread. I gcónaí ag caoineadh isteach ina mbeoir nach raibh an Bhreatain Bheag den chéad scoth na h-imreoirí rugbaí fós.
Ach tá athrú mór tagtha ar do Spailpín ón aimsir sin. Nuair a chonaic mé an Bhreatain Bheag ag imirt comh suairc álainn mar a d'imiríadar i rith Comórtas na Sé Náisiún anuraidh thuigeas, don chéad uair riamh, cad a chailltear nuair a labhraíonn Breatnach faoin hwyl agus stíl breá rugbai na Breataine Bhige.
Tháinig athrú mór in imirt an rugbaí ins na deich blianta ó thosaigh díoladh na h-imreoirí. Bhí traidisiúin bhreá an cluiche ag dul i meath, agus ba chuma le gach bainisteoir foirne ar cach rud seachas a imeoiri a bheith níos laidre. Tháinig an soiscéal rugbaí seo ina díonbhláth i Shasana, nuair a chuireadh le cheile ceann de na stocaigh is laidre a d'imir rugbaí riamh, agus bhuadar an fhoireann sin Craobh an Domhain i 2003. Bhí fear acu ar an sciathán, Ben Cohen, a chuirfí isteach díreach ins an gclibirt fiche bliana sula seo, gan aon cheist faoi bodach mór cosuil leis amach i measc na cúlaí.
Níl an méid imeoirí ag an mBreatain Bheag mar atá ag Sasana. Ins na blianta atá imithe, is cuma faoi, mar cé go raibh cumhacht tabhachtach, níorbh í an rud is tabhachtaí. Tar éis a bhuadar an fhoireann Sasana sin i 2003, bhí baol mór go mbeidh cumhacht agus méid agus feol an t-aon rud amháin ins an rugbaí, agus go dtiocfadh an bua don té ab laidre.
Thug foireann na Breataine Bhige anuraidh freagra don dhrochfheallsúnacht sin. Agus a ndroim i gcoinne an balla, chuaigh an Bhreatain Bheag thiar ina stár, agus stíl galánta a thóg ónór agus glóir ar thir bheag cosuil leí. Cé narbh iad na tosaí is laidre sa domhain, b'fhéidir le tosaí Breatnaigh an liathóid a bhreith, agus íse a scaoil amach go tapaidh go dtí an líne trí-ceathrú. Chuir an líne sin, agus Gareth Thomas ag briseadh isteach ón áit lánchulaí, a gcluaiseanna thaobh thiar díobh agus do chromadar chuig an líne, ag damhsa isteach ionsaigh na fir móra a raibh ró-mhall díobh.
Cé go bhfuair an Bhreatan Bheag a chéad "Grand Slam" anuraidh ó 1978, ní bhfuaradar an meas ba cheart díobh. Nuair a chuir Sir Clive Woodward a fhoireann na Leoin le cheile, thug sé an súil dall chucu agus thóg Sir Clive an seanfhoireann a bhuaigh Craobh an Domhan dó i 2003. Agus tá fios maith againne conas ar éigigh sé leis an seift sin.
Ta an Bhreatain Bheag chun a gCraobh a chosain i gcoinne an sean-namhad, Sasana, i Twickenham an deireach seachtaine seo chugainn. Ní bheidh sé easca dóibh - tá roinnt maith a imeoirí gortaithe nó faoi chosc - ach tá an Spailpín ag súil go trom go n-éireoidh leo. Mura n-éiríonn do chroí agus tú ag feachtaint ar Shane Williams, atá comh chróga mar atá sé comh bheag, ag éalú na himeoirí i gcoinne dó agus an liathróid go daingean faoina ascaill aige ag rith comh tapaigh tá sé beagnach ag scaoileach siar ón dtalamh - bhuel, b'fhéidir gurbh í an iascaireacht do chluiche, a mhac.
sport, rugby, Wales, 6 Nations