Níor chuala mé óráid Uí Chinnéide tar éis a bhuaigh Ciarraí Craobh na h-Éireann i 2004. Ag an am sin, bhí Bealach na gCroithe Bhriste á thógail ag an Spailpín Fánach, nuair a bhíosa féin agus lucht tacaíochta Mhaigh Eo ag iarraigh ár n-éalú a dhéanamh ón áit na ndeor. Ach chualas arís í ar Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn seo caite, nuair a tháinig an scéal amach go raibh bróga peile Dara Uí Chinnéide á chrochadh suas aige ar an uair deirneach.
Scoth na h-óráide a bhí ann, a leitheoir. Mar a chonaic Seán Óg Ó hAlpín an bhliain ina dhiaidh Ó Cinnéide, agus an tAlpíneach ina chaiptean ar fhoireann buaite na h-iomáint, thug Ó Cinnéide faoi deara go mbaineann níos mó le Cluiche Peile agus Iomaíochta na h-Éireann ná lá breá amuigh sa Bhaile Mhór, nó cluiche spóirt amháin. Bhí fios ag an mbeirt acu, Ó Cinnéide agus Ó hAlpín, narbh gnáthlá é Cluiche Ceannais na h-Éireann ach lá ina thagann roinnt rudaí dífríochta le cheile, ón stáir agus ón phobal agus ó gach rud Gaelach, agus a théann faoi bhláth ar an lá úd sin. Bhí aithne ag an mbeirt, Ó Cinnéide agus Ó hAlpín, níorbh ach píosa beag den lá í an Chraobh a bhuadar agus, cé go raibhadar buíochach go leor gur rugadar ar an gCraobh, tá i bhfad níos mó ar siúl ar an Lá Mór agus is leir gur thuig an beirt acu a phairt féin ar an Lá Mór.
Tá agallamh breá san Irish Times ar maidin idir Ó Cinnéide agus sárscríobhnóir an Times, Keith Duggan. Go dté tú slán, a Chinnéideach - tá faitíos mór dubh ar an Spailpín Fánach nach mbeidh do leithid arís ann le fada.
Ireland, Gaeilge, sport, GAA