Friday, May 04, 2007

Ar Thóir an Airgid - Bertie Faoi Bhrú ag an mBrúnach

An crú ag teacht ar an tairne

Nárbh áit an comhdháil nuachta a bhí againne inné, agus Uinsinn de Brún ar thóir airgid Bertie Ahern mar a bhíodh sé ar thóir airgid Chathail Uí hEoghaigh fiche nó tríocha bhlian ó shin? Ba chuimhin le gach duine a bhí ann inné ar na laethanta sin agus mura chuimhin leo, chuir an Brúnach an sean-ré ina chuimhne arís nuair a rinne PJ Mara, bainisteoir comhdhála nuachta, iarracht béal an Bhrúnaigh a dhúnadh. Rud atá níos deacra ná mar a shílfeá.

Ach cá bhfuil tuiscint an phobail anois tar éis an chéad seachtain olltoghcháin seo? An bhfuil níos mó nó níos lú múinin againne i mBertie? Ar chaill sé rud éigin? Agus má chaill, ab fhéidir leis gach rud a chailleadh a thabairt arís, agus níos mó, ins na fiche lá atá faghta aige sa fheachtas fós?

Scríobh do scríobhnóir cúpla lá ó shin go bhfuil méain chumarsáide na hÉireann ar an taobh chlé, beag nó mór. Cuireadh ríomhphost chugam mar gheall ar sin, ag rá nach raibh an ceart agam. Táim ag smaoineamh ar an gceist fós, agus ar m'anam, níl fios agam cá bhfuil méain chumarsáide na hÉireann sa diabhal, nó an bhfuil fios acu féin.

Tóg cúrsaí inné, agus conas a chuireadh amach an scéal. Cad é an scéal a bhí ag na méain? Gur ionsaigh Uinsinn de Brún ar Bertie Ahern? Nach raibh an Taoiseach reidh don ceisteanna ar airgead an Taoisigh? Go ndearna feall ar an Áire Airgid nuair a d'athraigh Fianna Fáil a dtuairim ar an ndleacht stampála, agus an tÁire Airgid ag rá nach n-athróidh? Bhí na scéalta go léir seo ag méain áirithe agus ar chláracha áirithe le linn an lae inné, agus ag na páipéirí inniu, ach níor tháining éinne amach ag ceistiú an rud is mó atá i mbeal na daoine maidir le Ahern anois - an raibh, nó an bhfuil, an Taoiseach ag tógail airgid nach gcóir do a thógail?

Sin tús agus deireadh an scéil. Dá mbainfeadh scéal céanna le polaiteoir éigin i Shasana, mar shampla, beidh a rás rite sula an nuacht ag a ní a chlog. Ach anseo in Éirinn, níltear comh soléir sin. Ní thaitníonn linn, na Gaeil, bheith i gcomhréir lena gcéile. Shíltear nach gcóir d'éinne a chánacha a seachaint, ach má insíonn cara duinn faoin stróic breá a d'imir sé ar an mbaillitheoir cánach, an gcuirtear glaoch ar na Gardaí? Mar dhea - cuirtear glaoch ar an mbéar, agus óltar sláinte an fear glic go dtitim oíche.

An rógaire é Bertie Ahern, nó an fear glic é? Más rógaire é, cén fáth nach n-ionsaíonn an lucht freasúra air? Deireadh ar Phrime Time oíche Dé Máirt, agus an scéal ag druidim go mall amach ag an am, nár thaitníonn leo ionsaigh air mar d'éirigh Ahern cúig phointe sa phollanna an uair deireanach a n-ionsaíodh air maidir lena airgead, agus ní thaitneodh le Phat nó le Inda an tubáiste céanna a tharla arís.

Dar liom féin, tá feachas Fhianna Fáil i bhfad níos laige ná mar a bhí ag an uair chéanna cúig bhliain ó shin, agus tá sé dóchreite ar fad nach bhfuil siad reidh ar cheisteanna airgid an Taoisigh. Ag an am céanna, is fada an lá go rachaimid chuig na pollanna agus is fada trí seachtain i gcúrsaí polaitiúla. I gceann lá is deich, tugfaidh Bertie Ahern oráid i dTeach Westminister. Beidh an cruinniú is laidre é idir ceannairí Shasana agus Éireann ón lá a chuaigh Gráinne Uí Mháille suas an abhainn Thames chun caint leis an mBanríon Éilis, banríon le banríon. Má tá Ahern beo fós, cuirfear clú mór le Ahern as an oráid sin. Comh maith le sin, is fada iad trí seachtain ar ceannairí Fhine Gael Enda a choinnéal slán. Tá an Brúnach amach fós, agus tá blás fola aige anois. Tá roinnt spraoí fagtha sa fheachtas seo!





Technorati Tags: , , ,