Tuesday, May 08, 2007

Baint an Fhómhair Beannaithe

Butch agus Sundance - go raibh an t-ádh leoThug do Spailpín Fánach an lá ar fad ag breathnú is ag smaoineamh ar na pictúirí stáiriúla ag teacht ó Stormont inniu, agus tá siad deacair dom a chreideamh fós. Tá an Dochtúir Ian Richard Kyle Paisley ina mór-namhaid liom agus le mo linne comh fada is a bhíos ar an bhfód ach anois, tá mo ghloinne líonta amach agam agus, tar éis na cúpla focal seo a scríobh, ólfaidh mé sláinte an dochtúra. Tá sé tuillte aige anois.

Tá clú agus caill - nó droch-chlú is droch-chaill - ar an ndochtúir Paisley as ucht a chumacht óráide. Scríobh Tim Pat Coogan ina leabhar "the Troubles" gurb fhéidir le cúpla daoine brath ar theas Ifrinn agus iadsan ag éisteacht ar an nDochtúir Paisley ar an bpuilpid ins na seascaidí. Ach níor labhair Paisley riamh comh h-uasal, nó comh dílis, nó comh chríonna, mar a labhair sé inniu.

Bhí tionchar mór ag an mBíobla ina labhairt, ar ndóigh. Luaigh sé na focail cáiliúl ón Leabhar Ecclesiastes, go bhfúil seasúr ag gach chuile ní faoin Neamh, seasúr scaoilte, seasúr dul le cheile. Bhí blás na h-óráide sean-nós Protastúnaigh ina fhocail deireanach, nuair a dúirt an dochtúir Paisley go raibh sé ag súil "go mbainfimid fómhar beannainthe." Tá an guí céanna ag an Spailpín Fánach, ó bhun mo chroíse. Go n-éirí leat agus libh, a shean-shaighdiúr, agus go mbainea tú agus pobal na Sé Chontae bhur bhFómhar tar éis na blianta brónach fada fola a bhí againne go léir ar ár n-oileán beag glas. Bail ó Dhia ar an obair.

Agus anois, tógfaidh mé mo bhraoinín. Cén sort? Bushmills, ar ndóigh.





Technorati Tags: , , ,